Tá clú agus cáil ar Dermot McLaughlin mar fhidléir Conallach.

Agus é ina ghasúr agus ina stócach, chaith sé na blianta ag éisteacht leis na seancheoltóirí agus ag foghlaim a chuid ceoil ó fhidléirí móra an chontae - Con Cassidy, James Byrne, Francie Mooney, Dinny McLaughlin, Vincent Campbell, agus Francie Dearg Ó Beirne.

Is mar cheoltóir aonar is mó atá aithne ar Dermot, rud atá annamh go leor na laethanta seo.

Tá dúil ag Dermot i bhfoghlaim agus i dteagasc an cheoil agus bíonn sé ag múineadh go rialta i rith na bliana ag scoileanna samhraidh, ardranganna agus ag imeachtaí eile, agus is breá leis bheith ag obair le ranganna beaga atá ar ardchaighdeán nó meánchaighdeán.