Mo Scéal Féin

Ní thiocfadh liom mo shaol a shamhlú gan an fhidil a bheith i lár báire, ní bheadh gar ann. Tógadh le ceol mé sa bhaile, achan saghas ceoil, ach tharraing an fhidil chuici mé agus mé i mo ghasúr óg, mheall sí mé agus níor éalaigh me uaithi go fóill. Agus níl fonn dá laghad orm éalú uaithi agus tá mé cinnte nach mbeidh a choíche!

Ar na cuimhní cinn a ritheann liom agus mé ag amharc siar ar an dóigh a dtáining me ar an cheol, mothaím go fóill an boladh agus an blas a bhí ar an tseanfhidil dhearg a bhí ag m’athair agus mé á sá isteach i mo bhéal nuair a bhí me iontach óg. Agus tá mo chroí agus m’aigne sáite san fhidil ó shin. Bíonn an ceol i mo chloigeann i gcónaí agus níl neart agam air, ní thig liom é a chur faoi smacht, rud nár mhaith liom a dhéanamh cibé ar bith. Gafa leis an cheol atá mé, bíonn an lámh in uachtar ag an fhidil i gcónaí!

Ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom ná an cairdeas agus an comhluadar a théann leis an cheol seo, agus go háirithe an dáimh a bhíonn ag fidléirí le chéile, is cuma cén blas nó cén múnla ceoil atá i gceist.

Nuair a bhím ag teagasc ceoil, cuimhním i dtólamh ar an chomhairle a chuir Paddy Glackin orm sa bhliain 1975 nuair a bhí mé ag foghlaim sa rang s’aige agus d’fhiafraigh mé dó cén bealach is fearr le dul i mbun cleachtaithe agus staidéir: “Éist, éist agus lean ort ag éisteacht.”

Tá súil agam go mbaineann tú spéis agus sult as an suíomh seo agus go mbuailfidh muid ar a chéile ag ceolchoirm, féile nó rang ceoil.

Dermot McLaughlin